Scoil: Inis Meáin (uimhir rolla 12339)
- Suíomh:
- Inis Meáin, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Proinsias Ó Dorchaidhe
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)báisteach air agus nuair a labaran Caladh-Pheadar bíonn gála air.
(e)Nuair a bíonn an ghaoth anoir andeas bíonn aimsear bhreagh air agus nuair a bhíonn sí o thuad bíonn aimsir chruaidh fhuar air. (f) Ar maidin go moch nuair a bhíonn an t-aer thoir dearg is comara mór baisteach an lá sin agus le droch aimsir. Nuair a bhíonn dath-glas ar an spéir bíonn báisteach air. (g) Nuair a bhíonn na faoileáin ag luighe ar an talamh tirm is comara le droch aimsir é. Nuair a theigean na geabha fiadhna thart ó na tíortha ó thuad imthighean siad o'n gcruadhas. Sin comára sneachta. Bíonn an mada ag ithe féir le baistig agus bíonn an cait ag tabairt a thon d'on teine nuair a bhíonn sioc air. Bíonn an seilmidh ag snámh ar an talamh le aimsir fhliuch. Nuair a theigeann na caoirigh isteach faoí aill bíonn báisteach air.- Bailitheoir
- Nóra Ní Chonghaile
- Inscne
- Baineann