Scoil: Inis Meáin (uimhir rolla 12339)
- Suíomh:
- Inis Meáin, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Proinsias Ó Dorchaidhe
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Inis Meáin
- XML Leathanach 04_005
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)boc léimnigh ar fuid an urláir gur imthigh sí dhí ar deire agus nuair a bhí sí imthighthe dhí ar deire sí amach agus níor thaobhuigh sí an teach sin ní ba mhó. Nuair a dimthigh si annsin do chuaidh an fear amach na diadh agus isteach leis sa dún. Nuair a chuaidh sé isteach chonnaic sé teine agus pota mór uirthí agus claidheamh mór ar a bhféar ins an dún agus fear thíor ins an bpota aca agus "pan" (friochtan) mór ar an teine agus píosaí móra de mhuic air. Chuala sé an lá roimhe gur cailleadh fear do Bhaile na Seóigeach agus gur cailleadh muc freisin le Mártín Pheadair Mhóir. Chonnaic sé leis an sidheóg gur ghreamuigh an píosa feóla dá sróin bé ceirt uirthí anois. Nuair a chonnaic sí é dúbhairt sí leis "ha a rógaire is tú an chéad dhuine eile a bheidheas ins an bpota sin." Ní raibh acht an focal as a béal nuair a marbhuighead é agus a lá na dhiadh marbhuigh siad a bhean.
- Bailitheoir
- Micil Ó Fáthartaigh
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Baile an Mhothair, Co. na Gaillimhe