Scoil: Inis Meáin (uimhir rolla 12339)
- Suíomh:
- Inis Meáin, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Proinsias Ó Dorchaidhe
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Inis Meáin
- XML Leathanach 05_030
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí fear ann fadó agus bhí sé féin agus a bhean ina gcomhnaidhe idteach uaigneach i bhfad ó dhaoine eile. Bhí an bheirt aca an bhocht agus ba dheacair dóibh maireachtáil agus is amhlaidh a mharbhuighidís cearc gach lá le go mairfeadh siad. Lá amháin bhí an fear amuigh ag spaisteóireacht dhó féin agus deirigh sé an tuirseach agus é ibhfad óna theaichín beag. Shuidh sé síos cois claidhe agus ba gheárr gur thuit sé ina codhlaidh agus dfan sé in a codhlaidh go raibh sé derinach san oidhche. Dairigh sé mar bheadh beirt duine ag teacht chuige agus dhuisigh sé. Chonnaic sé an bheirt ina seasamh amach ar a aghaidh. Deirig sé agus thosuigh sé ag siubhal agus dubairt an bheirt leis dá ngabhfhadh sé leobh go dtí cnoc beag go mbeadh se saidhbhir go deó agus dubhairt sé go ngabfadh. Annsin dimthigh leó agus ní fhada go rabhadar sa teach beag a bi sa gcnoc agus bhi go leór daoine eile istigh ann. Dubhairt siad leis dá mbeadh sé inan duine amháin aca sin a bhuaileadh go dtuirbhradh siad bosca óir dhó.(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Micil Ó Meachair
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Ceathrú an Teampaill, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Bairtle Ó Meachair
- Inscne
- Fireann