Scoil: Inis Meáin (uimhir rolla 12339)
- Suíomh:
- Inis Meáin, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Proinsias Ó Dorchaidhe
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Inis Meáin
- XML Leathanach 06_010
- XML “Ainmhithe na Feirme”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Nuair a bhíonn muid ag glaodhach ortha deireann muid "truaín" leis an gcapall, "Bess, Bess" leis an asal, "betín" leis an mbó agus leis an mbulán, "suicín" leis an laoigh, "Meig" leis na gabhair, "teamhín" leis na caoirigh, "tuit" leis na cearca, "Feetín" leis na lachain agus "bhachaín" leis na muca. Ní bhíonn aon cheann de na
h-ainmhidhthe istigh againn acht an cat, na cearca, na lachain, na caoirigh tar éis breithe dóibh agus an tasal oídhche gharbh. Cuireann muid féar agus tuighe agus raithneach mar easair futha nuair a bhíonn siad istigh. Cuireann muid buairín ar na caoirigh, ar na gabhair agus crú-measg ar na h-asail mar bhíonn siad bradach. Ní bhíonn cúramar bith aon bhuairín a chur ar na h-ainmhidhthe eile mar ní bhíonn siad bradach.- Bailitheoir
- Micil Ó Fáthartaigh
- Inscne
- Fireann