Scoil: Inis Meáin (uimhir rolla 12339)
- Suíomh:
- Inis Meáin, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Proinsias Ó Dorchaidhe
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Inis Meáin
- XML Leathanach 08_001
- XML “Bó Sí”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Oidhche amháin fado, do bhí bó ag fear agus fuair sí bás. Agus ní raibh sí i bhfad básuighthe nuair a chuaidh sé ag breathnughadh ar an áit a fuair si bás. Ní raibh cnámh na tada dí ann. Do bhí laogh ag an mbó agus ní raibh aon aois aige. Bhi an fear seo ag íoc buachaill agus dubhairt sé léis an mbuachaill dul amach ag faire an laoigh. Do chuaidh an buachaill amach. Tuairim uair an mheadhon oidhche céard a thainig amach as an aill ach an bhó a bhí básuighte. Rug an buachaill ar earball na bó agus tharraing an bhó an fear isteach san aill. Do bhí an fear ag béiceadh istigh san aill ag iarraidh an bhó a fhágháil. Do thróid an fear comh maith gur thúg siad an bhó dhó agus bhí iongantas mór ar muinntír an baile agus fuair sé airgead ó'n bhfear. Ba iad na sideoga a túg leo an mbhó.
- Bailitheoir
- Mártin Ó Fáthartaigh
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Ceathrú an Teampaill, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Seán Ó Fáthartaigh
- Inscne
- Fireann