Scoil: Inis Meáin (uimhir rolla 12339)
- Suíomh:
- Inis Meáin, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Proinsias Ó Dorchaidhe
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Inis Meáin
- XML Leathanach 09_006
- XML “Mo Cheantar Féin”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tá mé in mo chomhnuidhe i mBaile na Seoigeach Inis-Meadhoin. Tá seacht tighthe ar an mbaile a bhfuil mé i mo comnuidhe ann. Tá tighthe slinn agus tighthe tuighe ann. Fátharthaig is coitciannta atá ann. Is é an fáth gur baisteadh an t-ainm sin Baile na Seoigeach ar an áit na gur Seoigigh a bhí na gcomhnuidhe ann fadó agus gur be sin an t-ainm a bhí orra. Tá trúir sean daoine ann atá ó's cíonn 70 bliadhain agus tá síad ag fáilt an pinsiún. Is féider leó sgéalta a innseach dhuit i mBearla agus i nGaedilg idtaobh na sean aimsire.Seo iad na h-ainmneacha atá orrtha. Máire Ní Fhlaithbheartaigh, Máire Ní Congaile agus Beartla Ó Fáthartaig. Níl aon sean-fhothrach fágtha anois ann acht ceann amháin agus bhí sé sin na teach fadó. Ba gnáthach le go leór daoine dul go Aimeirice as Baile na Seoigeach. Is minic a luadadh ainm na háite(leanann ar an chéad leathanach eile)