Scoil: Inis Meáin (uimhir rolla 12339)
- Suíomh:
- Inis Meáin, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Proinsias Ó Dorchaidhe
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Inis Meáin
- XML Leathanach 09_009
- XML “Na Fataí”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)na bhfataí. Dhá mbeadh duine ann nach mbead aige acht é féin cabhríonn duine éile do'n comhursain leis. Is é déantar leis na fataí nuair a bhíos síad ag fás na pioctar aon luibh eile a bhíos ag fás leó uatha. Nuair a bhíos sé sin déanta cuirtear leasú eile leó agus annsin lánuighadheann na daoine íad. Tamall na dhiadh sin amach san samhradh cuirtear spray orra lena gcoinneál ó'n dubh.
Nuair a bhíos an Foghmhar ann bhaintear na fataí ulig agus cuirtear i gcró an chuid a bhíos le nithe agus an chuid a bhíos le siolta chuirtear i bpoll in gainimh íad go dtí go dtagann an t-Earrach. Is iomdah shórt fataí ann tá na champions na Aran Cairns na banners. Is íad na banners agus na Dates na fataí is feárr.- Bailitheoir
- Sorcha Ní Fhlaithbheartaigh
- Inscne
- Baineann