Scoil: Inis Meáin (uimhir rolla 12339)
- Suíomh:
- Inis Meáin, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Proinsias Ó Dorchaidhe
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Inis Meáin
- XML Leathanach 09_020
- XML “Lá Fhéile Bríde”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- An chéad lá go Earrach, sin é lá Féil’ Brighde, agus tá sé na bhreach shaoire san oileán seo. Ar oidhche Brighde déanann na daoine crosóg in onóir go Naomh Brighid. Deirtear gurb é an fáth a thosnuigheadh ar an nós sin ar dtús, ná nuair a bhí Naomh Brighid ar an saoghal seo go raibh sí ag siubhal an bhóthair lá agus gur airigh sí fear agur é ag osnaighil istigh i dteach. Tháinig sí isteach san teach agus thosnuigh sí ag cur ceisteanna air féachaint arbh criostuidhe é agus fuair sí amach nárbh’eadh. D’innis sí annsin dó faoi Dia agus ins an gcainnt dhí chuimhnuigh sí ar an gcrois agus le chur in iúl dó cé an rud crois rith sí amach agus fuair sí feír láidir agus rinne sé crosóg dhe agus ghlac an fear tinn am creideamh agus bhaist Brighid é. Tháinig an nós anuas(leanann ar an chéad leathanach eile)