Scoil: Inis Meáin (uimhir rolla 12339)

Suíomh:
Inis Meáin, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Proinsias Ó Dorchaidhe
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0002C, Leathanach 09_038

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0002C, Leathanach 09_038

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Inis Meáin
  2. XML Leathanach 09_038
  3. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    agus fuair sé an t-ór. D'fógair an bheirt a bhí thuas air an t-ór a chuir aníos. Chuir sé suas acha é agus nuair a fuair síad é ritheadar leó. Ní raibh fhios ag an bhfear bocht cad a deanfadh sé. Bhí faitchíos air go marbóchadh muintir an tighe ar maidin é. Bhreathnuigh sé mór-timcheall agus céard a d'feicfeadh sé acht croiceann beithidheach ós a chionn ar mhullach an tighe. Níor rinne sé acht a dhul suas ar mhullach an tighe agus an croiceann a thabhairt leis agus é a chasadh air fhéin, agus thosuig air ag imtheach leis ar fuaidh an tighe. Annsin thosuigh air ag rádh: "Tá mé fada go leór annseo anois agus tá sé i am agaibh mé leigint amach." D'eirig fear an tighe agus nuair a chualadh sé an chainnt sin tháinig eagla air agus d'oscal an doras agus leig amach é. Cheap sé gurbh é an beithidheach a
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Micil Ó Fáthartaigh
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Baile an Mhothair, Co. na Gaillimhe
    Faisnéiseoir
    Peadar Ó Fáthartaigh
    Gaol
    Seantuismitheoir
    Inscne
    Fireann