School: Droimslaod (roll number 9898)
- Location:
- Drumsleed, Co. Mayo
- Teacher: Maire, Bean Mhic Suibhne
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Droimslaod
- XML Page 154
- XML “Seanfhocla”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)56. Bíonn cloigeann cruaidh ar maidin Earraigh Agus rith le sionnach go dtí an oidhche
57. Tá an capall deire dul chun tosaigh
58. Ní maireann an rith maith don each igcomhnuidhe
59. Is fearr sean-fiacha ná sean fealltanais.
60. Is fearr sean-fiaca ná sean-fhollamh.
61. Caol do coill nach loscann a crainnte féin.
62. Na can amac as do bhéal an rud a dhéanfas tú amárach
63. Tá an naoscach ag féarach i mbogach na h-aithinne
64. Ní bhíonn cuimhneamh ar an arán ithte
65. Ná leig do lom le caradh.
66. Nuair fághtar an chú ní dóic go bhfághtar an fiadh
67. Ní aithnigheann an cú gearr a locht.
68. Is fearr an focal sólás ná saoghal an sgéil nach bhfuil
69. Is fearr sgiorta den ór ná éirigh go moc
70. Níl cogadh dá méid acht síothcháin a deire.
71. Is fearr suidhe ar a sgáth ná suidhe ar an tráigh fholamh
72. Níor tháinig gort ná ocras as teasbhach ariamh
73. Nuair a bhíonns an bolg lán is maith leis an crámh síneadh
74. Codladh fada is mairg a gníos agus fios na faillige ag an Árd-Rí
75. Ná mol biseach an domnaigh ariamh
76. Is fearr lán glaice d'fear ná lán a' tighe den bhean
77. An té a chruthuigh Neamh agus talamh ní dhearmad Sé E féin
78. Niór moladh ariamh ingean na caillighe éasgaidh
79. Níl fios ag fán nó ag file cé aca a bfearr luathas na moille(continues on next page)