School: Droimslaod (roll number 9898)
- Location:
- Drumsleed, Co. Mayo
- Teacher: Maire, Bean Mhic Suibhne
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Droimslaod
- XML Page 155
- XML “Seanfhocla”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)80. An t-ól agus an t-aireachas a cuireas an charraig mhór as áit
81. Ná leig do lear le caraid.
82. Ní thigeann léan leis féin
83. Mur teann le caraid ní teann ar námhaid
84. Síleann gaduidhe na gcruach gur gaduidhe an sluagh.
85. Is fearr grísgín indiú ná builín amárach.
85. Ní cumang le duine an saoghal gur luigheann an bróg ar féin.
86. Is fearr comharsa ingar duit ná duine muintearda abhfad uait.
87. Ní fuide gob an ghe ná gob an ganndail.
88. An laogh ithte imbolg na mbó.
89. Ná hith? is ná hub cuid an leinb.
90. Is fearr lá ag cur tuairsg ná dhá lá ag iarraidh
91. Bó gan ruball is beag le rádh í. (bó gan gamhain)
92. Dá feabhas an cráin is maith an rud banb den ál.
93. Bíonn an cu mall glamnidh nuair a cailleans sé an fiadh Agus tá cead cainnte ag fear caillte na h-imeartha ariamh
94. Dá dtrian garla le oidhche, dá dtrian gaoithe le crann dá dtrian sneactha le sliabh, dhá dtrian gréine le aill.
95. Barr na caorach a bheith mar barr na cluanach Is dá barr eile a bheith aipidh in a bhféineach
96. Sguabann an sguab úr go glan acht tá fhios ag an sean-sguab cá luigheann an t-salachar.
98. Na trí rudai a thagann gan mothuigheach
aois, cíos agus féasóg
nó
aois, gaoth agus feasóg.