School: Gleann Garbh, Lios Mór (roll number 1710)

Location:
Glengarra, Co. Waterford
Teacher:
Eibhlín Bean Uí Chaomháin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0636, Page 162

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0636, Page 162

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Gleann Garbh, Lios Mór
  2. XML Page 162
  3. XML “An Madra Rua agus an Láir”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    agus chuaidh sé go dtí an áit a raigh an béir in a comhnuidhe agus dubhairt sé go raibh láir marbh sa coill timcheall míle ón bpoll. Thánaigh an béir agus an madra ruadh i dteannta a chéile agus do lig an láir air go raibh sé marbh agus bhí sé sínte amach agus a shúile dúnta. Crom an béir ag ithe an capall agus annsan do ceangal an madra ruadh cos an capaill agus cos an béir le'n a chéile, agus nuair a bhí siad ceangailte d'éirigh an capall agus as go bráth leis abhaile. Nuair a shrois sé an stábla bhí fear an tighe in a sheasamh ag an doras agus bhí sé ag gáire nuair a chonnaic sé an láir agus an béir ceangailte le'n a cos. Do chuir sé iad araon ins an stábla agus gheibheann an láir trí béile istigh ins an stábla gach lá ó shoin.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. animal-lore (~1,185)
        1. foxes (~151)
    Language
    Irish
    Collector
    Éamonn Uí Uinnsudúin
    Gender
    Male
    Address
    Glengarra, Co. Waterford