School: Cill Mac Ciarainn (roll number 13796)

Location:
Cill Mhic Iarainn Thoir, Co. Kerry
Teacher:
Seán Ó Cathasaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0474, Page 110

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0474, Page 110

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cill Mac Ciarainn
  2. XML Page 110
  3. XML (no title)

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (no title)

    Bhí fear theas i gCathairsabháin darab ainm do Jericho.

    Mar a tháinig roimis
    Bhí fear theas i gChathairsabháin darab ainm do Jericho. Fear bocht a bhí ann agus seisear clainne dar chúram air. Bothán cois bóthair a bhí aige agus ní raibh dallmhaitheas an tsaoghal aige acht aon caora amháin agus i ar thaoibh an bhóthair. Dheinead sí siúd i féin do bheathú. Chuaidh sí i ngairdín prátaí lá. Chas fear an tighe amach í. An lá na dhiaidh isteach arís léi. Ní fheacadh aoinne anois í agus do deineadh scrios. Lámhach fear an ghuirt í ar an láthair. Bhí Jericho chun é thabhairt chun dlíghe agus d’iarr sé cómhairle ar Sheán na Saoi. Seo mar do labhair.
    J. A Sheáin mhic Mhuiris a bhráthair
    O’s duine tú dein’ cháirdibh gaoil
    Cionnus an ghoileann mo cás ort
    Nó an dtabharfaidh mé Seán chun dlíghe.
    S. So a Jericho mar ghoileann do cás orm.
    Tá tú creachta go bráth dá druim
    A’s is fada don donas ad’ gráthaibh
    ‘gus mise mar cách. Foiríor
    J. Sé deir na h-ughdair is fearr liom
    Ná raghadh sé go bráth chun cinn
    Muna dtugadh sé uan dom sa Mhárta
    Nó airgead bán mar dhíol
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Informant
    Brighid Bean Uí Dhálaigh
    Gender
    Female
    Age
    84
    Address
    Com Dhá Stogha, Co. Kerry