School: Cill Mac Ciarainn (roll number 13796)
- Location:
- Cill Mhic Iarainn Thoir, Co. Kerry
- Teacher: Seán Ó Cathasaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cill Mac Ciarainn
- XML Page 162
- XML “Pósaithe”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Fíonán Ua Muircheartaigh Cill mac Ciarainn 14½ bl. a mháthair 48 bl. CúmastabhaPósaidthe
Nósa na SeanA. Má dheinidís cleamhnas lá do phósaidís lár na mháireach
B. Ní phósadh aoinne go dtagaid an Inid
C. Théighidís an cómhgair ba ghiorra chun an t-séipéil
D. Níor phós siad go h-am a’ mheádhon oidche
E. Dearmhad éigin a dheineadh a dhein an t-am a athrú go maidinCleamhnas:
Bhíodh stócach ag gach dream a thugadh le chéile iad. Annsan théighidís do’n chathair chun a chleamhnais do shocrú agus dá mbeadh réidhteach thagaidís an lá eile chun an feirme d’fheiscint agus do pósfaí iad an lá ‘n dhiaidh san.Na h-Éadaighe.
Bhíodh an plainnín ortha araon acht go mbíodh clóca breágh ar an g-cailín ar costas thrí púint.
Cóisire:
I dtosach na capaill, annsan na cearrana cliathánacha ar thuras an lae. Oidhce Scléipe, damhsa, is mórán le n-ithe agus le n-ól an oidhche sin i dtigh an cailín.Buachaillí Tuighe
Thagadh sluagh mar sin, daithte agus tuighe timcheall ortha go dtí an tigh gan cuireadh gan iarraidh. Roinnfí eatortha biadh agus deoch agus tabharfaoi céad rinnce dóibh. Annsan imtheóchaidís arís.(continues on next page)- Collector
- Fíonán Ua Muircheartaigh
- Gender
- Male
- Age
- 14
- Address
- Cill Mhic Iarainn Thoir, Co. Kerry