School: Cill Mac Ciarainn (roll number 13796)

Location:
Cill Mhic Iarainn Thoir, Co. Kerry
Teacher:
Seán Ó Cathasaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0474, Page 126

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0474, Page 126

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cill Mac Ciarainn
  2. XML Page 126
  3. XML “An Ceol Sí”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Domhnall Ua Cúrnán Málainn
    An Ceól Sídhe
    Bhí mac ag Dómhnall Ó Connaill go dtugaidís an Cúnsiléir óg air. Deirtear go raibh as a mheabhair geall leis. Bhí sé ag teacht andeas Cúm a Chiste lá is bhí fear bocht oibre ag tógaint a dhinnéir ar taoibh an bhóthair is bhí bideul bainne aige mar anlann. Bhí an bideul geall le bheith críochnuighthe is bhí sé go h-árd ar a cheann aige is an Cúnseiléir óg ag gabháilt thar bhrághaid. Thairrig an Cúnseiléir óg pistol as a phóca is dhein sé miota beaga don bideul ar cheann an duine bhoicht. Do lámhach sé gadhar a bhí ag amhastraig air istig idir dhá chois a mháighistir i ndorus tighe i Spúncán lá go raibh sé ag gabháilt an bóthar aníos. Le na linn bhí piobaire theas i nDoire Fhionáin. D’éirig sé amach oidhche agus cad a chloiseadh sé tamall uaidh sa choill acht an Ceól Sídhe. Do leath a chluasa le h-áthas is d’oibrig sé na meuranna fé mar bheadh píopuidhe aige. Nuair a stad an Ceól Sídhe d’imthig an píobaire abhaile is do sheinn sé an ceól nuair lánnsig sé na píobaí gach nóta chómh cruthanta is do chualaidh sé amuigh é. Acht slán beó sin níor éirig sé as an leabaidh lar na mháireach ná go ceann leith bhliadhna na dhiaidh san. Do gheall sé ‘na aigne féin ná seinnfeadh sé an Ceól Sídhe go bráth arís acht i gcionn tamaill bhí sé ar bog mheisge ar pósadh is taréis tathaint mór do sheinn sé an Ceól Sídhe is bé an scéal céadna é. Bhí luighchán leith bhliadhna
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. activities
      1. social activities (~7)
        1. entertainments and recreational activities (~5,933)
    Language
    Irish
    Informant
    Dómhnall Ua Cúrnáin
    Gender
    Male
    Address
    Málainn, Co. Kerry