School: Cill Mac Ciarainn (roll number 13796)
- Location:
- Cill Mhic Iarainn Thoir, Co. Kerry
- Teacher: Seán Ó Cathasaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cill Mac Ciarainn
- XML Page 153
- XML (no title)
- XML (no title)
- XML (no title)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
(no title)
“Bhí fear ag déanamh cleamhnais dá inghin. Nuair a chuaigh chun an talamh d'fheiscint dubhairt sé dá mhac an capall do chur agus í cheangal leis an bhfeóchadán agus leigint di inbhear ar an neanntóig...”
Murt Ua Muircheartaigh 12¼ bl. Cill Mac Ciarainn a athair Murt 50 bl.Bhí fear ag déanamh cleamhnais dá inghin. Nuair a chuaidh chun an talamh d’feiscint dubhairt sé dá mhac an capall do chur agus í cheangal leis an bhfeóchadán agus leigint di inbhear ar an neantóig. “Níl a leithéid ann” ars’ an mac. “Muna bhfuil cuir fé’n dtrucaill arís í go mbeimíd ag imtheacht abhaile. Ní linn an talamh so mar tá sé ró bhocht.”(no title)
“Bhí fear i gCathair Saidhbhín cúrsa agus bhí ana dhúil aige in uisce beatha agus bhíodh an sagart go minic á rádh leis an tól thabhairt suas...”
Máire Uí Chúrnáin 12 bl. Dómhnall Ua Cúrnáin MálainnBhí fear i gCathair Saidhbhín cúrsa agus bhí ana dhúil aige in uisce beatha agus bhíodh an sagart go minic a rádh leis an t-ól thabhairt suas. Bhí an fear san ag obair ag an sagart lá agus nuair a bhí an sagart á ndíol tráthnóna do tharraing sé buideál mór lán d’uisce beatha chuige agus líon gloine de chun an fhir is dubhairt “Caith siar an gloine seo cé gur minic mé a rádh leat gur tairrnghe id’ chómhrainn gach gloine aca ólann tú.”
Do chaith an fear siar é agus dubhairt sé “Mhuis’ a Athair comáin tairrnghe eile im’ chómhrainn ós rud é go bhfuil an casúr id’ dhoirn agat.”- Collector
- Maire Ní Cúrnáin
- Gender
- Female
- Age
- 12
- Informant
- Domhnall Ua Cúrnáin
- Gender
- Male
- Address
- Málainn, Co. Kerry
(no title)
“Bhí fear cnag aosta cúrsa agus bhuail néal é go bpósfadh sé bean a bhí ar an taoibh de'n pharóiste...”
Bhí fear cnag aosta ann cúrsa agus bhuail néal é go bpósfadh sé bean a bhí ar an taoibh eile de’n pharóiste. Do phós sé í agus nuair a thug leis abhaile is amhl’ bhí sí bacach. “Cad a bhí ort agus an máirtíneach sin a phósadh,” arsa duine des na comharsanaibh leis. “Is baoghalach ná déanfadh sí mo ghnó” arsa an fear. “Ní chun rás a theastuigheann sí uaim.”