School: Cill Mac Ciarainn (roll number 13796)
- Location:
- Cill Mhic Iarainn Thoir, Co. Kerry
- Teacher: Seán Ó Cathasaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Dómhnaill Ua Cúrnáin MálainnAn Feirmeóir agus a bhuachaill. Bhí feirmeóir ann fadó agus bhí buachaill aimsire aige gurab ainm do Diarmuid. Bhí Diarmuid ana leisgeamhail agus ana díomhaoin agus ní dheineadh sé aon nídh i gceart do’n feirmeóir ar sligh go raibh an feirmeóir dóthanach de. Nuair a bhí bhliadhain aimsire istig ag Diarmuid cheap sé go mbainfeadh sé triall as feirmeóir éigin eile. Is dócha gur thuig sé go maith ná coimeádfaí a thuille é. Seadh nuair a bhí sé ag bogadh chun bóthair do loirg sé teistiméireacht ar a mháighistir agus dubhairt an feirmeóir go bhfaghadh agus fáilte. Ní raibh aon tabhairt suas ar Dhiarmuid agus bhí a fhios san go maith ag an bhfeirmeóir. Sé an teisteméireacht a thug sé ná;“A Dhiarmuid b’é an diabhal tú
Chur sa tsúsa agus a Dhiarmuid
B’é an dá dhiabhail tú chur id dhúiseacht
A Dhiarmuid dá ndéarfaí leat dul siar is soir a stiúrfá.
Is níor dheinis riamh aon ghnó dom le dúthracht.- Informant
- Domhnall Ua Cúrnáin
- Gender
- Male
- Address
- Málainn, Co. Kerry