School: Cill Mac Ciarainn (roll number 13796)
- Location:
- Cill Mhic Iarainn Thoir, Co. Kerry
- Teacher: Seán Ó Cathasaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cill Mac Ciarainn
- XML Page 216
- XML (no title)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
(no title)
“1 Ní tréan go tuitim tuile...”
1. Ní tréan go tuitim tuile.
2. Ní bocht go dul go h-Ifreann
3. Níl idir bochtanas agus saidhbhreas acht aon bhliadhain aimháin.
4. Na h-éisg bheaga a bheathuigheann na h-éisg móra
5. Ná bí bruighneach ar aonach, Ná téighir déanach ag ól, Ná téighir síos ar son éinne, is ná troid le duine aosta go deó.
6. Ní thagann an óige fé dhó choidhche acht tagann an brón fé dhó san oidhche.
7. Ní fiafróchar lá do phósta cad iad na h-éadaighe bhí id’ bhaiste ort.
8. Saint naoi naonbhar ar dhuine gan clann.
9. Sagart gan sainnt ní bhfaighinnse ar mhaithne
10. Sgaoil e mé chun an bhodaigh is ná leig an badach chugham
11. Smachtann gach éinne an bhean mí-ráireach acht an duine go mbíonn sí aige.
12. Tá sé órduighthe do dhuine dul ar aonach gan gnó.
13. Trí ní ná bíonn i bhfad ag fuaradh, Cubhar canna, cumann caile is teas arán choirce.
14. Ualach giolla na leisge.