School: Cill Mac Ciarainn (roll number 13796)
- Location:
- Cill Mhic Iarainn Thoir, Co. Kerry
- Teacher: Seán Ó Cathasaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Caitheamh Aimsire Páisdí
Fíonán Ua Muircheartaigh ón a athair.Cloch bhogha.
Gabhlóg agus píosa ruibéir go gach beann. Leathar eatortha san.Crann Tabhaill.
Píosa leathair fillte córda ar gach taoibh agus lúbh ag deire ar thaoibh chun méire chur isteach ann.Cliabhán éin do dheunamh.
Fráma adhmaid deich n-órlaighe ar fhaid agus ar leithead. Córda ó gach cúinne agus maitín bheag ar san. Na meatháin sa bhfaid agus sa leithead i bpeidhríbh ag caolú ó bhun go barr. Annsan an faisgeadh agus an cor chun a choimeád go daingean. An bogha agus an maitín bréagach le na cur i bhfearras.Liathróid an gruaig na bó.
I lár Mheithimh nuair a bheadh tarraingt agat air seadh is fearr. Annsan dorn de a fhliuchadh id’ bhasaibh agus é chuimilt go mbeadh cruaidh.Márblaí.
As coinnlibh. Coinneal a leagadh. Píosa d’fhághail agus é dheunamh cruinn. Leigint do cruadhadh annsan. An locht si mó bhíodh ortha ná go mbrisfidís nuair bheidís deunta le fada.(continues on next page)- Collector
- Fíonán Ua Muircheartaigh
- Gender
- Male