School: Cill Mac Ciarainn (roll number 13796)
- Location:
- Cill Mhic Iarainn Thoir, Co. Kerry
- Teacher: Seán Ó Cathasaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cill Mac Ciarainn
- XML Page 236
- XML “Seanscoileanna”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Fionán Ua Muircheartaigh Cill Mac Ciarainn a athair Sean Scoileanna(A)
Ar thaoibh an bhóthair i gcúinne ár móinféara, cois tighe Thaidhg Uí Shúilliobháin, bhí sean scoil. Bothán tighe bhí ann, ceann tuighe air agus trí fuinneóga ins na faillaibh. Bean Uí loingsigh a bhí ann agus í ag díol cíosa do Sheamus Ua Súilliobháin. Bhí binnsí agus stólanna ann. Leabhair agus páipéar aca. San 40 bl. ó shoin.
(B)
In n-aice tighe Mhichíl Uí Shúilleabháin bhí sean scoil eile agus b’é Fionán Ua Loingsigh beannacht Dé le na anam bhí ag múineadh ann. Bhí sé ann sar a tháinig go dtí an scoil nua - ár scoil. San níos mó na 60 bl. ó shoin.
(C)
I gClochán tá sean scoil eile acht scoláire bocht a bhíodh annsan agus é ar lóisdín i dtighthibh na bpáisdí. Fear de mhuinntir
(D) Ceann eile soir ó thuaidh tamaillín ón áit mar a bhfuil Droichead a Cillín léith indiu ar bhruach Caol a Phréacháin. Ros a Chlocháin a tugtaí ar an áit. Ag an am sain 1810 b’é Seán bacach Ó Síodhthcháin bhí ag múineadh ann (ón bhFaill Mór). Múintí Laidean ann. Is i dtighthibh na scoláirí bíodh cómhnuidhe ar Sheán agus ag an am san bhíodh bradáin go flúirseach sa sruthán agus aon am go mbíodh cómhnuidhe ar mo dhuine cois a Chaoil marbhuigheadh sé is d’íosfadh sé an iomad éisc agus an lá sin ní bhíodh le deunamh ag na páistibh acht é shíneadh ar an bhféar agus bheith á shuathadh anonn is anall ar eagla go bpléasgadh sé go sabhálaidh Dia sinn.- Collector
- Fionán Ua Muircheartaigh
- Gender
- Male
- Address
- Cill Mhic Iarainn Thoir, Co. Kerry