School: Cill Mac Ciarainn (roll number 13796)
- Location:
- Cill Mhic Iarainn Thoir, Co. Kerry
- Teacher: Seán Ó Cathasaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cill Mac Ciarainn
- XML Page 166
- XML “Piseoga”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Piseóga – Dómhnall Ua Cúrnáin d’innisMaidin Lae Bealtaine
1. Aon teine do dheunamh síos an mhaidin sin go dtí tar éis eadarshaith mar bhíodh droch dhaoine ag imirt piseóga ar na ndeataig agus deiridís le gach aon deatach a chídhfidís “Im an deataig sin ar mo chuid bainne.”
2. Uisge na trí dteorainn.
Bíodh de nós ag dream eile dul leis an mhaidin bealtaine agus uisge na dtrí dteórainn do thógaint sé sin sa áit go mbeadh trí bhaile ag teacht i gcoinnibh a chéile agus nuair a thógfaidís an t-uisge sin bheadh im ‘na dtrí bhaile aca san i rith na bliadna sin. San dá chleachtadh agus áit a dtéidheann Caol an Leathair isteach go Caol Mhóir mar tá Málainn, Dromaireach agus Cill mac Ciarainn sa teorann ag a chéile annsan.
3. Teine do bhreith amach.
Bheireadh droch daoine im leo le teine do bhreith amach as tig go mbeadh cuigeann sa mheidhir ar leic an teinnteáin nú in aon bhall sa chistin. Chuala gur chuaidh bean isteach i dtig mar a raibh cuigeann déantas is bhí táilliúir ag obair cois na fuinneóige. Chuaidh bean an tighe amach go seómra an bhainne ag d’iarraidh drallaig chun an teine a bhaint den chuiginn. An neómat a bhí sí ar an dtaobh amuigh do dhorus do
rith an bhean seo go dtí an teine agus d’árduig léi spré teineadh. Bhí piseóg ag an táilliúir chun an spré a bhriseadh is thuit an spré ina’ mhiotáibh beaga ar an úrlár.(continues on next page)- Informant
- Dómhnall Ua Cúrnain
- Gender
- Male
- Informant
- Seán Ruadh Ua Súilliobháin
- Gender
- Male