School: An Cuimín (roll number 6162)
- Location:
- An Coimín, Co. Donegal
- Teacher: Pádraig Mac Aoidh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Cuimín
- XML Page 060
- XML “Reilig Chill Taobhóige”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)páistí ann go fóill. Níl sgonn-sa ar bith idir an áit a cuirtear na páistí seo ó an páirt eile de'n uaigh.
Níl sean croiseanna ar bith san roilic seo acht mar sin fhéin tá mórán sean-tuambaí ann. Tá dá cineal tuambaí ann mar tuambaí árda agus tuambaí cothroma. Is iad na tuambaí cothrama a ndeánadh na daoine úsaid dóbhtha sa t-sean am. Tá sean-tuamba ann an áit ar cuireadh fear darbh ainm an captaoin Ó Seanlán agus is é an dáta atá ar an tuamba 1690 agus ní h-é sin an ceann is sine no tá daoine cuirthea na ceadthai bliadhain roimhe sin.
I dtrataibh trí scor bliadhain no mar sin bhí troid eile idir na gaedheal agus na h-Albanaigh fá an roilic seo. Ag an am seo bhí an Teampoill ag na h-Albanaigh agus bhí an roilic a dhit ortha fosta. Chuaidh said chun dlighe ach mar sin fhéin bhuaidh na Caitlicigh agus o'n lá sin ní ba mhó níor throid na h-Albanaigh leis na Gaedheal fá dtaobh de.- Collector
- Anna Ní Ghallchobhair
- Gender
- Female