School: An Cuimín (roll number 6162)
- Location:
- An Coimín, Co. Donegal
- Teacher: Pádraig Mac Aoidh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Cuimín
- XML Page 076
- XML “Toibreacha Beannaithe”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Phaidir agus trí Abhé Maria fá choinne do inntin fhéin agus ar an taobh eile deirtear an rud ceudna fa choinne an sagart a choisreag an tobar agus a d'fág miorbhailte ann.
Ag an tobar bheag deirtear na paidreacha ceudhna agus le na gcois trí Abhe Maria ionnus go gcuideochaidh na hAingle leat an turus a dheánamh ar dóigh.
Téigheann tú thart an turus seacht n-uaire ag rádh deichneabhar de'n Phaidrín achan uair ionnus go gcuideochaidh na hAingle leat. Seacht ndeichneabhair de'n phaidrín agus Cré a rádh.
Tá seacht gclocha móra ann agus caithfidh tú thú féin a choisreacadh le gach ceann aca agus iad a chuir thart fa do chroidhe do cheann agus do choim in ainm an Athair agus an Mhic agus an Spiorad Naomh.
Sul a dtógtar an t-uisge as na toibreacha cuirtear deór bheag ar chlár do éadan ar do chroidhe agus da mbéadh cneach ar bith ort, deirtear Paidir agus Abhe Maria ag gach ceann aca agus annsin tógtar an uisge.
Dálta gach aon tobair beannuighthe eile fágtar toirbheirt de sheort eighinteacht.- Collector
- Aodh Ó Baoghaill
- Gender
- Male
- Age
- 13
- Address
- Cloghan, Co. Donegal
- Informant
- Brighid Nic Fhloinn
- Gender
- Female
- Age
- 73
- Occupation
- Cniotálaí