School: Mín Árd

Location:
An Mhin Aird Bhuí, Co. Kerry
Teacher:
Ml. Ó Caomháin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0426, Page 207

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0426, Page 207

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Mín Árd
  2. XML Page 207
  3. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    bhí aige ortha. Ní fada a bhíodar ceangailte nuair a labhair sí. "Fuil nó cómhrac" ar sise. "Níl fuil ná cómhrac agam le tabhairt duit" ar seisean. Nuair fhéach sé uirre chonnaic sé go raibh sí athruighthe go mór. Bhí faid méar láir na láimhe d'á fiacla ag gobadh amach as a béal. Thug sí fá ansan le bruidhean. "Cabhair, a Chú" ar seisean. "Coinnibh ribe"ar sise. "Cabhair , cabhair a mhadarealla" ar seisean. "Coinnibh, coinnibh a ribe" ars'n seanabhean. "Cabhair, cabhair a mhadra gearra" ar seisean. "Coinnibh, coinnibh a ribe" ar sise. Mhairbh sí an fear , na gadhair agus an capall. Bhí na gadhair agus an capall sínte ar na clocha bána taobh amuich de dhoras.
    Lá'r na bháireach d'imthig an tarna mac amhail mar chuaidh fear an lae roimhe sin. Bhí sé indiaidh an ghirrfiaidhthe gur thuit an oidhche doimhin air agus go raibh sé tamall mór ó bhaile. Nuair a chas se abhaile chonnaic sé an tigín sa tslighe roimhe. Chuaidh isteach. D'iarr lóisdín ar an mhnaoi. Thug agus fáilte. Thug suipéar do agus t'réis an tsuipéir dubhairt sí an rud céadna agus a dubhairt an oidhche roimhe. Ceangail sí le ribe na gadhair. "Fuil nó comhrac " ar sise airís. "Níl fuil ná cómhrac agam le tabhairt duit" ar seisean. Thug sí fá chun é mharbhú. "Cabhair, cabhair a chú". "Coinnibh a ribe" ar sise. "Cabhair a mhadaralla " ar seisean. "Coinnibh, coinnibh a ribe" ar sise. "Cabhair a mhadra gearra . "Coinnibh a ribe "ars'an seanbhean. Mhairbh sí é féin, na gadhair 's an capall.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0303: The Twins or Blood‑Brothers
    Language
    Irish
    Informant
    Seán Ó Gribhthín
    Gender
    Male
    Address
    An Fhothrach Mhór, Co. Kerry