School: Mín Árd
- Location:
- An Mhin Aird Bhuí, Co. Kerry
- Teacher: Ml. Ó Caomháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Mín Árd
- XML Page 210
- XML “Scéal - Ceol na nDaoine Maithe”
- XML “Na Sióga ag Troid sa Lios”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)an mnaoi a bhí ag feadghail, agus cos mór reamhar ar an mna a bhí ag rinnce.
- an mnaoi a bhí ag feadghail, agus cos mór reamhar ar an mnaoi a bhí ag rinnce.
Na Sídheóga ag troid sa Lios.
Bhí fear ar an dTobar (baile fearainn i bparóisde Liospóil) fadó agus ní chreidfeadh sé go raibh púcaí ins na liosanna. Chídhfeadh mórán daoine iad ach ní fheacaidh sé riamh iad agus ní thabharfadh sé aon ghéilleadh dhóibh. Aon oidhche amháin b'éigin do dul ag triall ar a chapall i lár na h-oidhche. Ní bhfuair sé é gur shrois sé an lios.Chualaidh sé na daoine ag cainnt agus ag aragóint le na chéile istig, agus d'fhan sé tamall ag éisteacht féachaint an aithneóchadh sé a gcainnt. Bhí sluagh mór ann idir fir is mná agus ní fhéadfadh sé focal do thuiscint uatha. Thosnuigheadar ag bualadh agus ag marbhú a chéile agus nuair a bhí dream díobh ró mhaith do'n dream eile do chromadar ar bheith ag caitheamh teine dhearg le na chéile. Tháinig crith cos is lámh air agus ní raibh sé de mhisneach aige dul fa dhéin a chapaill.
Do chas sé chun dul abhaile ach leis an mearbhthall a bhí air is ag druideam i ngiorracht dóibh a bhí sé. Sa deire tháinig duine des na daoine maithe chuige ag tabhairt comhairle a leasa dho, agus dubhairt-- "Liúisis(?), liuisis (?), fill abhaile(continues on next page)- Informant
- Máire Bean Nic Ghearailt
- Gender
- Female
- Address
- An Bhánóg Bheag, Co. Kerry