School: Mín Árd
- Location:
- An Mhin Aird Bhuí, Co. Kerry
- Teacher: Ml. Ó Caomháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- 1 Tonn Tóime i mbágh an Daingin in aice Chill Orglan. Deirtear go dtriomuigheann sí na h-aon seachtmhadh bliain. Ba mhinic daoine ag faire chun caoi d'fhághail ar an tiongantas san d'fheiscint agus sa deire d'éirigh le fear de mhuinntir Sheaghda an tseans d'fhághail.Do bhíodh brat draoidheachta leathta ar an dtalamh ag na daoine maithe an fhaid is bhíodh an dúthaigh áluinn seo trim. Amach le Mac Uí Sheaghdha ag marcuidheacht ar chapall agus é ag lorg an bhrait. Tháinig sé i ngan fhios ar na sídheoga - rug sé 'na gcodladh ortha agus fuair an brat. Bhuail sé laistiar de ar an gcapall é agus seo leis thar n-ais ar a dhícheall mar dá n-éirigheadh leis an brat draoidheachta a thabhairt slán leis chun barra taoide d'fhanfadh an tír draoidheachta sin trim go bráth airís.
Bhí an beart nách mór déanta aige nuair a dhúisigh na sídheoga agus thuigeadar cad a bhí ar siúbhal. D'éirigh Tonn Tóime agus í ar buile. Bhí an marcach i ngiorracht feadh de bharra taoide nuair a bhain an Tonn óhn ?? iallait siar den gcapall. Chuaidh Mac Uí Sheaghdha slan ach d'fhan an brat ag na sídheoga. Ó shoin i leith deirtear go bhfuil baoghal(continues on next page)- Informant
- Micheál Ó Brosnacháin
- Gender
- Male
- Age
- 55
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- An Mhin Aird Thiar, Co. Kerry