School: Mín Árd
- Location:
- An Mhin Aird Bhuí, Co. Kerry
- Teacher: Ml. Ó Caomháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Mín Árd
- XML Page 215
- XML “Scéal - Conas a Fuairtheas amach go Raibh Leasú Talún sa Ghainimh”
- XML “Sióga”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)an gaisce a dhein sí an lá san go raibh sí a d'iarraidh na beithidhig do stop in aice an Daingin.
"Is breágh na Trághanna atá ansan thiar agaibh," ar seisean, "dá mbeadh fhios agaibh an maitheas atá ionnta." "Conus," ar sise "Is minic a thugamair fá ndeara," ars E sin, "aon áit sa pháirc go luigheadh an madra ann agus é clúdaighthe le gainimh t'réis bheith á ionfairt féin ar an dtráigh, go bhfásadh brat breágh féir ann 'na dhiaidh san." Conus, " Sin é an slighe go bhfuairtheas amach anso go bhfuil leasú talmhan sa ghainimh. - 3. Sídheoga (scéal)
Bhí seanbhean ina cómhnaidhe annso i nGleann na Mináirde céad bliain ó shoin. "Clára" a h-ainm. Bhíodh sí in éinfeacht leis an sluagh sidhe ist oidhche go minic agus pé rud a dheineadh a muinntir chun í choimeád istig d'éaluigheadh sí amach i ngan fhios dóibh. Uaireannta do chodluigheadh beirt ban 'na teannta ach thuiteadh a gcodladh ortha agus d'imthgheadh sise. Bhíodh sí slach agusstracaighthe go minic t'réis na h-oidhche.
Do thárla uair go raibh pósadh sa chomharsanacht agus níor fhan aoinne istig i dtigh áirithe ach bean agus a leanbh óg. I lár na h-oidhche d'éirig an bhean seo ana uaigneach, seo leithe go dtí an pósadh agus an leanbh ar a drom aici. Is deallramhach go bhfuair an leanbh poc ós na daoine maithe mar t'réis teacht abhaile dóibh ní stopfadh an saoghal í ach í ag gol agus ag scréachaig(continues on next page)- Informant
- Micheál Ó Brosnacháin
- Gender
- Male
- Age
- 55
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- An Mhin Aird Thiar, Co. Kerry