School: Mín Árd
- Location:
- An Mhin Aird Bhuí, Co. Kerry
- Teacher: Ml. Ó Caomháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Mín Árd
- XML Page 222
- XML “Scéal - Sióga”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)gan suan, agus sos a thabhairt di, acht dubhairt an bhean sídhe leithe go raibh biorán aici féin a chuirfeadh sí 'na gruaig agus go mbainfeadh sé sin an codladh di.
D'imthig sí leo mar a imtheochadh ceo le gaoith agus níor dhein sí stad na staonadh nó gur shroiseadar Rinn Bhuidhe (i bparóisde Liospóil). Bhí na sídheóga go léir cruinnighthe istig i bpáirc roimpi, agus iad gabhtha gléasta, gach duine agus a chapall féin aige. Dubhradar le Clára bheith ullamh chun imtheacht ach ní raibh aon chapall aici. Ba ghairid an mhoill ortha san capall do sholáthár di. Bhí blúire seana chéachta adhmaid caithte in aice an chlaidhe mar chéachtaí adhmaid a bhíodh acu an uair úd. D'ionntuig sé 'na chapall gleoidhte agus do léim si anáirde ar a dhroim. Seo leo go léir in éinfheacht agus níor stadadar go dtí gur shroiseadar talamh na Garthanaighe. Bhí falla mór cloiche rómpa , do léim na capaill é agus capall Chlára chomh maith leo. Bhí mustar uirthe a capaillín adhmaid a bheith chómh maith leis na capaill eile, agus dubhairt sí- "mo ghrádh do léim a sheana bhéim céachta". Ní raibh san ach ráidhte aici nuair a thuit an capall agus ní raibh ann ach an seana adhmad airís. Bhí fearg ar na púcaibh agus dubhradar léi glanadh as a radharc agus na raghaidís ag triall uirthe go deo airís.(continues on next page)- Informant
- Máire Nic Ghearailt
- Gender
- Female
- Age
- 56
- Occupation
- Bean feirmeora
- Address
- An Bhánóg Bheag, Co. Kerry