School: Mín Árd
- Location:
- An Mhin Aird Bhuí, Co. Kerry
- Teacher: Ml. Ó Caomháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Mín Árd
- XML Page 248
- XML “Liosanna”
- XML “Baile Fearainn - Min Aird Thiar”
- XML “Baile Fearainn - An Eaglais”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)i bhfuirm croise ann-- í clúdaighthe le chré anois, agus do reir na seandaoine do n-ofráiltí Aifrionn sa lios seo in aimsir na bPéin Dlighthe.
- Baile Fearainn ---Mináird Thiar.
1: Lios Ráth an Óir: Ar thalamh Bean P. Uí Shuilleabhain. Timcheall le leath mhíle soir ó dheas ó Lios an Cheóil. Cuma cruinn - an bóna tóghtha le chré. É lán do sceacha agus raithineach. Deirtear go bhfuil Ciste Óir i bhfholach ann ach ní leighfeadh eagla d'aoinne dul a lorg.
Bhí cailíní ag priocadh sméara dubha lá na blianta ó shoin agus agus níor stad duine acu gur chuaidh sí isteach sa lios 'á gcnuasach. Taréis teacht abhaile dhi buaileadh breoidhte í agus is ag dul in olcas a bhí sí i n-aghaidh an lae. Cuireadh fios ar an sagart agus is air a bhí an t-iongantas nuair a chonnaic sé seanbhean caithte liath sa leabaidh in ionad chailín óig. Taréis an Ola Dhéanach do chur uirre dubhairt an "iarlais " mar is iarlais a bhí ann, go gcuirfeadh sí abhaile an cailín óg a bhí sa lios. - You are not logged in, but you are welcome to contribute a transcription anonymously. In this case, your IP address will be stored in the interest of quality control.By clicking the save button you agree that your contribution will be available under the Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License and that a link to dúchas.ie is sufficient as attribution.