School: Mín Árd
- Location:
- An Mhin Aird Bhuí, Co. Kerry
- Teacher: Ml. Ó Caomháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Mín Árd
- XML Page 265
- XML “Seancheirdeanna”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Stalc (Starch):
Gheibhdís prátaí móra, nighidís agus glanaidís iad agus phriocaidís gach salachar asta le scian. Gheibhdís grátaer ansan agus do scríobaidís na prátaí isteach i mbuicéad. Chaithidis uisce glan do chur ann gach lá agus é do scagadh go maith. B'é an stailc an fuighleach glan a dhfhanfadh. Gaibhneacht:
Ana céard do b'eadh an gaibhneacht sa tsean aimsir. Bhí beirt gabhan sa pharóisde beag seo uair, duine ar an Mináird Thiar agus duine eile i mBaile-na -saor.
B'iad na gaibhne a dheineadh na h-uirlisí iarainn go léir, mar atá picí, ramhainn, tlúthanna, tuaghanna,crochanna, drollaí, piosaí de'n gcéachta agus araile.Deirtear go mbíodh na h-uirlisí seo a bhfhad nios fearr ná iad san a cheannuightear 'sna siopaibh anois. Bhíodh ana cháil ar na pící dhá phéice a dheineadh "Micheál a Ghabha" ó Bhaile-na -saor.
Céachtaí adhmuid a bhíodh acu sa tseanaimsir, agus tá seandaoine fós sa pharóisde a dhein treabhadh leo. An siuinéar a dheineadh an chuid adhmaid agus dheineadh an gabha an soc agus an cealltar do'n gcéachta. Bhí na céachtaí san ana eadtrom, agus d'réir na seandaoine b'éigin do dhuine éigin suidhe anuas ar thosach an chéachta chun é choimeád sáidhte sa talamh.- Informant
- Mícheál Ó Súilleabháin
- Gender
- Male
- Age
- 94
- Address
- Gleann na Mine Airde, Co. Kerry