School: Mín Árd

Location:
An Mhin Aird Bhuí, Co. Kerry
Teacher:
Ml. Ó Caomháin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0426, Page 280

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0426, Page 280

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Mín Árd
  2. XML Page 280
  3. XML “Scéal - Na Trí Comhairlí”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    casán ag dul suas go dtí an tigh. Bhí Seán tamall suas an casán nuair a chuimhnigh sé ar an gcomhairle a thug an feirmeóir do agus do chas sé tharn-ais[?] ar a sháil. Chuaidh sé an bóthar mór dtímcheall. Nuair a chuaidh sé isteach bhí an peidléir istig roimis. Cuireadh Seán suas sa chuinne agus deineadh leaba don bpeidleár thíos i mbun an tighe. Níor thuit néal codlata ar Sheán. Ar a dódhéag a chlog baineadh an laisde de dhoras an tseomra. Tháinig bean agus a mac anuas. Bhí rásúr agus coineall acu. Chuadar síos chun an peidleára. Ba ghearr go raibh an peidlear ag béicig. Mharbhuigheadar[?] é mar bhraitheadar go raibh roinnt airigd aige. Nuair a thánadar aníos ars’ an mac “n’feadar a’ bhfuil sé seo ‘na choladh.” “Bei’fhios agamsa” agus mhothuig Seán le fabhraí a shúl do dhóghadh. Chuarduigheadar[?] é ach pingin ruadh ní raibh aige. Nuair a d’éirig Seán ar maidin fuair sé a bhricfeast agus níor leig sé aon nídh air. Thug Seán buidheachas dóibh agus bhuail sé leis. Bhí sé ag siubhal roimis. Bhí na tighthe fada fánach agus bhí eagla ar Sheán go mbeadh sé amuigh fá spéir na h-oidhche. Chonnaic sé tig tamall uaidh. Bhí cruach mhór féir isitg in iothalainn an fheirmeora. Nuair a chuaidh sé isteach bhí seanduine bocht críonna ‘na shuidhe thuas sa chúinne. D’fhiafruig Seán do an bhfaigheadh sé loisdín na h-oidhche. “Gheobhair agus fáilte”,
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0910B: The Servant's Good Counsels
    Language
    Irish