School: Mín Árd
- Location:
- An Mhin Aird Bhuí, Co. Kerry
- Teacher: Ml. Ó Caomháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Mín Árd
- XML Page 286
- XML “Caoineadh an Athar Eoghan Ó Súilleabháin”
- XML (no title)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)D'fhágais mairg go fairsing ar Chlár Luirc,
Agus ar pharóisde an Daingin bhí ar lasadh le grádh dhuit,
Go deo ar do charaid 's gan mhalairt i ndán dóibh,
Ó d'imthig an-acfuinn ar flaith nár cáineadh.
Tá 16 bhearsaí sa Chaoineadh seo. An Caoineadh ar fad le fághail sa "Duanaire Duibhnech", amhráin Iarthair Chiarraidhe a bhailig Seán Ó Dubhda O.S. (no title)
“Seo thíos amhrán a chúm Pádruig Ó Briain mar ghell ar a bhád féin”
Seo thíos Amhrán a chúm Pádruig Ó Briain mar gheall ar a bhád féin:-
(I)Déanamh ar eadartha bó dhom,
Is mé ag feistiú mo ghnóthaí suas,
Mo mhaidí bhí tairrigthe nuadh agam,
Is iad déanta de'n bhfuinnseóig chruaidh.
Is ag an nGob a chuireas fá sheól í,
Is a h-aghaidh ar an ród ó thuaidh
Níor gabhadh riamh capall fá chóiste
Do rithfeadh lem' "Lóbaráid" mhoir.
(II)An té chídfeadh mo chleithire báid se,
Fá anaithe an ghala trom,
Uisce ar an ngunail anáirde
Is an taobh eile chómh h-árd le Teamhair,
Is dóigh liom ná deineadh a mháighistir
Ó cuireadh an Airc ar pholl
Do thabharfad do'n timcheall chómh breágh léi
Is ná teipfeadh go bráth í d'fonn.(continues on next page)- Collector
- Seán Ó Dubhda
- Gender
- Male
- Occupation
- Múinteoir
- Informant
- Tomás Ó Núnáin
- Gender
- Male
- Age
- 52
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- An Mhin Aird Thiar, Co. Kerry