School: Mín Árd
- Location:
- An Mhin Aird Bhuí, Co. Kerry
- Teacher: Ml. Ó Caomháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Mín Árd
- XML Page 296
- XML “Naomh Mártain”
- XML “Naomh Mártain”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)chun fuil ainmhidhe do dhortadh in onóir N. Mártain.
"Mise Naomh Mártain", arsa an marcach agus "tair ar mo chúlaibh agus bhéarfad abhaile tu. Níor mhór an mhoill a bhí ortha nuair a buaileadh an fear síos ag béal a dhorais féin ins an Leiriúg.
'Ní chreidfidh aoinne mé' ars' an fear gurbh é Naomh Mártan a thug abhaile mé."
'Fágfadsa comhartha agat' ars' an marcach.
D'iompuig sé an capall mórdtimcheall agus d'fhág sé rian chrú an chapaill ar an lic a bhí i mbéal an dorais, agus tá an rian san le feiscint go dtí an lá indiu. - Mícheál O Suilleabháin, feirmeóir, 95 bliana d'aois, Gleann na Mináirde, Liospóil
'Sé a thug na scéalta so leanas
"Is gnáthach le gach liontighe ainmhidhe nó éan éigin a mharbhú lá 'le Mártain agus is é seo an fáth. Bhí fear darbh ainm Mártan i bpriosún uair agus nuair a tháinig oidhche 'le Mártain thosnuig sé ag gol is ag béicig. D'fiafruig ceannaire an phriosúin de cad chuige an dalladh go léir. Dubhairt an priosúnach dá mbeadh sé sa bhaile go mharbóchadh sé rud éigin anocht in onóir Naomh Mártain fá mar(continues on next page)- Informant
- Mícheál Ó Súilleabháin
- Gender
- Male
- Age
- 95
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Gleann na Mine Airde, Co. Kerry