School: Mín Árd
- Location:
- An Mhin Aird Bhuí, Co. Kerry
- Teacher: Ml. Ó Caomháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Mín Árd
- XML Page 298
- XML (no title)
- XML “Aimsir an Ghorta”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
(no title) (continued)
“Bhí Ministir i mBaile an tSagairt in aice an Daingin seachtó bliain ó shoin agus b'é an ainm a bhí air ná Thompson.”
(continued from previous page)ghnó chun go bhféadfadh sé iad a chur as a seilbh. Bhí beirt shagart ón nDaingean ag teacht go Liospóil agus bhuail Maonas a tSíthig - feirmeóir i mBaile an tSagairt, ar an mbóthar leo. D'fhiafruig an tAthair Ailpín do Mhaonas an raibh aon scéal aige. "Tá, 2 ars' Maonas, "drochscéal," agus d'innis sé do'n sagart cad a thug an ministir go Sasana. Chuir an tAthair Ailpín a stól air agus thosnuig ar leigheamh as a leabhar. Dubhairt sé leis an tAthair Ó Dubháin a bhí 'na theannta "Amen" a rádh nuair a bheadh deire léighte aige féin, ach níor dhein an sagart óg rud air. Léig sé an tarna uair ach ní déarfadh an tAthair Ó Dubháin "Amen". Nuair a leigheadh na focail an triomhadh uair dubhairt an tAthair Ó Dubháin le Maonas "amen" a rádh, agus 'sé Maonas a dubhairt go dúthrachtach "Amen a Thighearna." "Is mó duine a imthigheann ná filleann," ars' an tAth. Ailpín le Maonas, agus b'fhíor do mar i gceann tamaill tháinig scéala gur cailleadh an ministir go h-obann i Sasana, t'réis cead d'fhágail na daoine bochta i mBaile an tSagairt do chaitheamh amach. Fagadh 'na seilbh ansan iad.- You are not logged in, but you are welcome to contribute a transcription anonymously. In this case, your IP address will be stored in the interest of quality control.By clicking the save button you agree that your contribution will be available under the Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License and that a link to dúchas.ie is sufficient as attribution.
- Informant
- Mícheál Ó Súilleabháin
- Gender
- Male
- Age
- 95
- Address
- Gleann na Mine Airde, Co. Kerry