School: Mín Árd
- Location:
- An Mhin Aird Bhuí, Co. Kerry
- Teacher: Ml. Ó Caomháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Mín Árd
- XML Page 400
- XML “Jackey the Lantern”
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)aige leis go deo airís. Sa deire do léig Sean amach é. Blianta na dhiaidh san nuair a fuair sé bas ní leigfí isteach i bhFlaitheas Dé é mar go raibh sé i bpeaca agus ní leigfeadh an Diabhal isteach go h-ifrionn é mar bhí eagla air roimis. 'Sé an ghnó a tugadh ansan do ná bheith ag cur daoine ar an saoghal seo amugha ist oidhche le soillse, agus tugtar "Jacky the Lantern" air riamh ó shoin.
- Bhí Rí ann fadó agus bhí triúr mac aige. Ní raibh aon mheas ag an mháthair ar an té a b'óige dhíobh. Lá amháin chuaidh an Rí amach sa ghairdín ag siubhal do féin. Chonnaic sé amuigh an t-éan ba bhreághtha da'r luig gaoth ná grian riamh air. Thuit sé i ngrádh le ceól an éin mar b'é an ceól ba bhreághtha dá'r chualaidh sé riamh é. Bhí sé a d'iarraidh breith ar an éin. Léim an téan ó chrann go crann agus níor eirig leis teacht i ngaor di. Chuaidh sé isteach abhaile go buadhartha céasta, ciapaithe, agus luig sé ar an leabaidh go breoidhte tinn.
Dubhairt an mac aosta go raghadh sé(continues on next page)- Informant
- Dómhnall Ó Muineacháin
- Gender
- Male
- Age
- 54
- Occupation
- Oibrí
- Address
- An Mhin Aird Thiar, Co. Kerry