School: Mín Árd
- Location:
- An Mhin Aird Bhuí, Co. Kerry
- Teacher: Ml. Ó Caomháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Mín Árd
- XML Page 416
- XML “Caisleán na Min Airde”
- XML “Carraig na Cúirte”
- XML “Ainmneacha Cósta - ó Chnoc na hAcraí go dtí Ceann Tairbh”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)go bhfuaireadar EOCHAIR ana mhór nuair a bhíodar ag réabadh in aice an chaisleáin, agus gurb' í eochair doras an chaisleáin í. Do thóg Lord Ventry leis í agus ní fios ca'il sí anois. Fuaireadar creatallach fir leis 'na sheasamh díreach leis an bhfalla - is amhlaidh a thuit barra an chaisleáin lasmuigh de agus d'fhan sé ann.Do b'fhiú an caisleán so d'infhiuchadh mar is dócha go bhfuil sé ar cheann des na chaisleánaibh is fearr igCiarraidhe.
- Carn mór de charraigeachaibh móra léithe timcheall le leath mhíle ar an dtaobh thuaidh de'n scoil. Í istig i bpáirc ar an dtaobh chlé de'n mbóthar árd, idir Mináird Thoir agus Garrdhai na dTor. Tá "Páirc na Fola" ar an dtaobh eile de'n mbóthar, cúpla céad slat nios giorra do Gharrdhaí na dTor.Deirtear gur ar an gCarraig seo a bhíodh an cúirt ar siubhal ag muinntir an cheanntair seo nuair a bhí Dlighthe na mBreitheamhan fá réim in Éirinn. Tá an áit go h-árd os cionn cuid de'n bparóisde agus radharc ana bhreágh le feiscint uaithe.
- ó Chnoc na hAcraí go dtí Ceann Tairbh i.e. cósta an pharóiste seo, ag tosnú ar an dtaobh thoir.Faill na gCaorach
Ar an dtaobh thoir de "Bhéal na gCloch". Níl(continues on next page)