School: Mín Árd
- Location:
- An Mhin Aird Bhuí, Co. Kerry
- Teacher: Ml. Ó Caomháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)a bhíonn an taoide tráighte.Cuas a' Tairbh: ??An Loigín - cuas beag lán de ghainimh. An Scúinsín: ?Cuaisín na Miongán - miongáin go flúirseach ann.Faill na Steipeanna: Casán ag dul síos tres na stocáin.An Srón Léith - píos beag talmhan ar nós sróna ag rith amach.Faill an Uisce - sruthán ag rith síos ann. Faill a' Chaca - tuar na n-éan ann.Faill na Ré: ?? Fa bhun na nDúnta í seo. Caitheadh isteach ann cúigear máirnéalach le linn stoirme fadó agus cuireadh ar bharra na fhaille iad. Cheap na daoine ná beadh sé rathamhail iad a chur i dtalamh choisricighthe nuair náraibh fhios acu arbh Críostuidhthe iad.Faill a' Chroiche - bhí croch ar bharra na faille uair amháin chun feamanach do tharrac aníos.Faill a' Tóineacháin - Casán ag dul síos ann ar nós "corkscrew". Bheithfeá ag leanúint do thóna ag dul suas adubhairt seanduine liom.Faill a' tSrutháin; sruthán uisce ann.Cuaisín a' Raicillí[?] - raic ón bhfairrge ag teacht isteach ann.Faill a' Dá Leach. Cuas na gColúr. Cuas na Comhlann: ??Ceann Tairbh - leith inis ar an dtaobh thiar des na Dúnta. Cuma ceann tairbh air.Faill na nÉan. Faill na Mealbhóige - Thugadh na daoine málaí do iascáin suas go barra na fhaille seo.Carraig a' Bhleaic - fuairtheas corp máirnéalaigh ghoirm ann tráth.Droichead Faill a' Mhachaigh - leathsmuigh d'fhaill an Mhachaigh. Droichead ó nádúir é.