School: Mín Árd
- Location:
- An Mhin Aird Bhuí, Co. Kerry
- Teacher: Ml. Ó Caomháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Mín Árd
- XML Page 438
- XML “Seanamhrán - Mac Fhinghín Dubh”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)I buartha Banba ó Chaiseal go Béal Bhairnis.
Tá dúthaighe Chairbre ar lasadh is níl scéim áthais
I dtuaith Ráth Chathaill mar ar cailleadh á'r laoch láidir.Ba láidir cumas á'r gcuspa, ba leathan luthmhar.
A mharcaig na gcumann go gcritheadh an talamh fútsa
Ní raibh eagla de dhlighthe na clipe ar do bhaile dhúthchais
A rabhaid mar Oscar do chuireadh gach creach ar chúlaibh.Ar chúlaibh Chorchaighe deabhfaí Sacsana siosmaithe i gcúirt
Do dhóirse ar leathadh gan glasa gan iadh ar thrúnc
Ba greann ledh cháirdibh dá mairfeadh, aniar thar Mumhan
Led' gháire leathan a mharcaig na gcliar, mo chumha.Mo chumha mo chreach tú ag teacht go tréith lán lag,
A phlúr na bhfear nár meath in aon bhéarnain
D'imthig ár rath, ár maith, agus ár scéim áthais
Óch ár gceart, ár neart agus ár lúthcháird.Cáirde d'imthig thar uisce 'gus fós níor fhill
Is d'fhág siud sinne singil gan chóir gan chrích,
Gan bórd, gan gloine, gan corn, gan ceól, gan fíon.
Gan fuil ar conairt. Gan cuspa, d'fhuil d'oirfead dinn.D'oirfead sinn dá dtiocfadh thar sáile beo
Na leonfhir groidhe ba bhinn i mbéarnain ghleoidh
I gcaismirt na gclaidheamh do striocfadh táinte dóibh(continues on next page)- Informant
- Eiblín Bean Uí Aghas
- Gender
- Female
- Age
- 50
- Address
- Gleann na Mine Airde, Co. Kerry