School: Mín Árd
- Location:
- An Mhin Aird Bhuí, Co. Kerry
- Teacher: Ml. Ó Caomháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Mín Árd
- XML Page 440
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)go ndiolfadh sé an cíos thar a ceann.
Do dhein ,ach cad a dhein an cladhaire ansan ach an talamh do thógaint do féin. Caitheadh amach an bhaintreabhach, ach thug sí a mallacht do'n mbaile agus creideann muinntir na h-áite seo go bhfuil a rian san ar muinntir an bhaile riamh ó shoin mar níl liontighe ann ná go dteidheann duine éigin díobh as a meabhair ins gach glún.
Thug sí a mallacht do'n tobar agus thriomuig sé,
Do'n gcrann agus d'fhéodhaig sé.
"Na fir chun an chnuic agus na mná chun na trághe."
Ínnstear scéal eile mar gheall ar an mallacht so. Deirtear gurb amhlaidh a bhí bean bhocht ar an mbaile uair agus gur thuit a leanbhaí breoidhte leis an bhfiabhras. Do sheachain na comharsain í agus do ruaigidís ón a ndóirse í nuair a bhíodh sí ag lorg bainne d'á leanbhaí. Scannradh a bhí ortha go dtógfaidís féin an aicíd. Ní leigfidís in aice an tobair í ach chómh beag, agus deirtear gurbh é sin an fáth gur thug sí a mallacht do'n mbaile.
Níor chualathas an chuach ag glaodhach ins an mbaile ó shoin leis. Mícheál Ó Cinnéide(72 bl)
Na Dúnta,
Liospóil- Informant
- Micheál Ó Cinnéide
- Gender
- Male
- Age
- 72
- Address
- Na Dúnta Thoir, Co. Kerry