School: Mín Árd
- Location:
- An Mhin Aird Bhuí, Co. Kerry
- Teacher: Ml. Ó Caomháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Mín Árd
- XML Page 450
- XML “Amhrán”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
Amhrán
“Chuadhasa lem' bróga go poll na h-éornan 'á smearadh, ¶ An bogach dubh i gcómhgar i bpáirc na mbó ag teacht abhaile”
Seo amhrán a chúm seanbhean ar an Mináird Thiar fadó mar gheall ar a bróga:"Chuadhasa lem' bhróga go poll na h-eornan 'á smearadh,
An bogach dubh i gcómhgar i bpáirc na mbó ag teacht abhaile,
Níl aon bhuachaill óg ins an deóiseas,
Níl straothaire ná gaige do shiubhlóchadh lem' bhróga
Go bóthar na b'Fearann.Ní hé seithe bhulláin Phádruig do ráinig ón iochtar
Ach an bhofail ó'n Spáinn agus é fágailt ar a daoire
Uachtar de'n gcalfscin fuaighte le síoda
Chómh sleamhain leis an áirne agus níor ghádh do bheith choidhche.- Informant
- Tomás Ó Nunáin
- Gender
- Male
- Age
- 52
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- An Mhin Aird Thiar, Co. Kerry