School: Mín Árd
- Location:
- An Mhin Aird Bhuí, Co. Kerry
- Teacher: Ml. Ó Caomháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Mín Árd
- XML Page 463
- XML “Scéal - Murúch”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí mó rán daoine na gcomhnuidhe thiar ar an Rinn Bheag ar an dtaobh thiar theas de Chuan an Daingin sa tsean aimsir. Bhí fear díobh darbh ainm Seán Ó Fhlaithbheartaig lá ar an dtráig nuair chonnaic sé uaidh an Murúch suidhte ar charraig agus í ag cíoradh a gruaige. D'éaluig sé uirre agus tháinig i ngiorracht dhi i gan fhios. Rug sé ar a cochall a bhí 'na h-aice agus b'éigin di é leanamhaint annsan.
Bean ana áluinn do bheadh í agus thugadar grádh dá chéile. Phósadar agus bhí cúigear cloinne ortha. Bhí sí go slachtmhar chun gach saghas oibre do dhéanamh aagus mhaireadar go síothach grádhach le na chéile. Dá mbeadh easba soluis ortha do thabharfadh ingine a méireanna solus don tig. Bhí a fear lá ag cuardach rud éigin ar an gcúl lochta, agus chaith sé anuas ar an dtalamh gach nídh a bhí ann. Cad a bhí na measc ach an cochall a ghoid sé ó na mnaoi agus a choimeád sé i bhfolach uaithe ó shoin i leith. Ní túisge a leag sise súil ar an gcochall nó go rug sí air agus dhein gáire(continues on next page)- Informant
- Brigid Bean Uí Dhubháin
- Gender
- Female
- Age
- 68
- Occupation
- Baintreach
- Address
- Gleann na Mine Airde, Co. Kerry