School: Doire an Chairn (roll number 12976)

Location:
Derreenacarrin, Co. Cork
Teacher:
Nóra, Bean Uí Shéaghdha
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0280, Page 012

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0280, Page 012

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Doire an Chairn
  2. XML Page 012
  3. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bíodh bacac mór láidir ag imtheact ar fuaid na tíre tráth. Bhíodh sé i gcómhnaidhe ag bogadh croidhe na ndaoine chun déirce a thabhairt dó agus muna dtabhairidís an déirc dó cuireadh sé a mhallact ar a [?]
    Aon lá amháin bhuail sé isteach i dtig feirmeóra agus bheannuig sé do mhnaoi an tíghe agus dúbhairt sé "Dar mo choinséas féin a bhean deagh mhóideach, tá a fhios agam le breathnú ar t-éadan geal gáireac go bhfuil croidhe mór cóir agat. Le bliadain is fichead anuas tá me ag cruinniu mo dhéirce ó thír go tír. Dar m'fhocal ní fheaca aon bhean ar fuaid na tíre cóm geanamhail cómh flaitheamail ná tú. Tá mise ag iarraidh ort beatha an lae seo a thabhairt dom in onóir do Naomh Pádruig Naomh Brígid agus Naomh Colmhcille. Siar leat go fiall agus in-iar leat go fairsing, agus tabhair déirce ó do chroidhe don bochtán" Do labhair an bhean go feargach agus dúbhairt "Dá mbeinn-se ag tabhairt áird do rógairí bhacaig ní beadh greim bídh ná deoch istig in mo thig agam Mara mbeid tú imthighthe ó mo dhoras-sa go beó tapaidh go leagfaid mise an maide go trom ort treasna do dhroma". Do labhair an bacach. "Tráth im saoghal bhí ór is airgead go flúirseach agam. Bhí tighthe móra agam agus ba agus caoirig go flúirseach acht tháinig an mí-ádh anuas agus mallacht ar an dthig agus d'fhág san me bacach go
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Síghle Ní Cruadhlaoich
    Gender
    Female
    Address
    Leahill, Co. Cork
    Informant
    Míceál Ua Cruadhlaoích
    Relation
    Parent
    Gender
    Male
    Age
    46
    Address
    Leahill, Co. Cork