School: Doire an Chairn (roll number 12976)

Location:
Derreenacarrin, Co. Cork
Teacher:
Nóra, Bean Uí Shéaghdha
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0280, Page 115

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0280, Page 115

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Doire an Chairn
  2. XML Page 115
  3. XML “Cruatan”
  4. XML “Cruatan”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    Tímcheall sé bliadhna ó shin bhí fear ina chómhnaidhe in oileán Gairnish i dtaobh amuigh de Ghleann-Garbh agus sé an ainm a bhí air ná Téd Gairnish. Bhí sé 'na chómhnaidhe i dtigín bheag leis féin agus ní raibh aige acht bó agus bád. Bhíodh sé ag íascaireacht i gcaitheamh an t-Sámhraid leis na ndaoine úaisle agus bhí sé ag tuilleamh mórán airgid. Chuaidh sé amach lá garbh i d'tosach an Gheimridh a bhí ann agus dúbhairt sé le duine éigin gur ag dul i gcóir adhmaid a bhí sé. D'imigh an lá agus tháinig an oidhche acht níor tháinig sé. Agus núair nár tháinig chúaidh mórán daoine ar a lorg act ní bhfúaradh é. Bhí daoine á chúardach dó ar feadh trí seactmhaine act ní fheacha é beó nó marbh ó shin i leith. Acht deir mórán daoine gur isteach i bpoll fé charraig a chúaidh sé an fear bocht
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.