School: Doire an Chairn (roll number 12976)
- Location:
- Derreenacarrin, Co. Cork
- Teacher: Nóra, Bean Uí Shéaghdha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Doire an Chairn
- XML Page 119
- XML “Seanscéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Fadó fadó théigheadh na fir go léir ó'n áit seo go Tiobraid-Árann ag baint na bprátaí.
Bíodh na prátaí chómh mór an uair sin nách raibh aon fear ábaltha ach sé prátaí do bhaint amach sa ló. Bhí fear ann agus bhí páirc mór de phrátaí aige agus ní féidir leis iad a bhaint. Do chuir sé ráfla amach a rádh go dtabharfadh sé £12 do aon fear a baineadh dosaon prátaí sa ló. Chuala na daoine go léir an ráfla i gCúighe Múmhan agus do thriall mórán acu ach do theip ortha.
Do chuaidh fear ó Eadragabháil ann agus d'eirig leis dosaon prátaí do bhaint amach sa ló. Annsan dubhairt an fear leis an pháirc go léir a chriocnú. Do dhein sé amhlaidh agus do bhain sé iad go léir i dtrí mhí. Bhí a ainm i n-áirde ar fuaidh Cúighe Múmhan i dtaobh a laochais agus fuair sé spárán mór airgid ó'n bhfear.
Do tháinig sé abhaile annsan agus bhí spárán airgid agus rán aige. Nuair a bhí sé chómh fada le Corcaig do casadh ainmhidhe éigin air agus cheap sé go dtabharfadh sé tamall de'n bhóthar é. Do chuaidh sé ag marcuigheacht air agus cé bheadh ann ach an púcha. Do chuaidh sé tríd cnocaibh agus gleanntaibh lochaibh agus(continues on next page)- Collector
- Síghle Ní Mathghamhna
- Gender
- Female
- Address
- Coolieragh, Co. Cork
- Informant
- Séamus Ua Mathghamhna
- Relation
- Parent
- Gender
- Male
- Age
- 57
- Address
- Coolieragh, Co. Cork