School: Doire an Chairn (roll number 12976)
- Location:
- Derreenacarrin, Co. Cork
- Teacher: Nóra, Bean Uí Shéaghdha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Doire an Chairn
- XML Page 124
- XML “Seanscéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)sean-duine ag machtnamh ina aigne ná raibh aon mheas acu air féin agus go mór mhór nuair ná raibh aon airgead aige. Aon lá amháin do thug sé aghaidh ar an gcnoc mór árd do bhí tamall ón dtig. Ní raibh sé abhfhad 'na shuidhe ar an gcnoc so nuair do tháinig sídheóg chuige. D'iarr an sídheóg air cad do dhéin cómh bhrónach é. Ní'l aon mheas orm, mar tá mo chuid airgid caithte agam. Ní bheir mar sin arsan sídheóg ach dein rud ormsa. Seo bosca dhuit go bhfuil roint óir ann. Tabhair an bosca agus an t-ór abhaile leat. Nuair a thiocfaidh lá breágh, leath amach ar éadach bán é. Bí 'ghá ghrianadh agus ghá chóimhreamh[?]. Is geárr go mbheidh ionghnadh ar mhúintir an tíghe cad a bheidh 'ghá dhéanamh agat Beidh síad ag faire ort. Tabhair radharc air an ór dóibh ac bí 'ghá chur i bhfolach mar dheadh. D'imthig an tsean-duine abhaile agus áthas a chroidhe air. Do dhéin sé mar a dúbhradh leis. Do chonaic múintir an tíghe é agus bhí ionghnadh ortha an oiread san airgid do bheith aige. Do bhí cion mór aca air as san amach. I gcionn tamaill bhualadh an tsean-duine breóidhte. Fuair sé bás agus cuireadh é. Nuair a bhí sé cúrtha cuadar go dtí an bosca agus bhí scríobhthe ann. "Buille an tuagh treasna múinéil don té a thúbharfad a chuid dá mhach nú dá inghean".
- Collector
- Siobhán Ní Úrdail
- Gender
- Female
- Address
- Tooreennagrena, Co. Cork
- Informant
- Siobhán Ní Úardail
- Relation
- Parent
- Gender
- Female
- Age
- 45
- Address
- Tooreennagrena, Co. Cork