School: Doire an Chairn (roll number 12976)
- Location:
- Derreenacarrin, Co. Cork
- Teacher: Nóra, Bean Uí Shéaghdha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Doire an Chairn
- XML Page 144
- XML “Pósaithe”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- "Ceangal na h-Inide ceangal le deithneas
Ceangal an cháisc, ceangal le h-áthas
Ceangal punaine, ceangal an Fhóghmhair"
Na laetheanta atá mí rathmhar chun pósadh siad son an Luan an Céadaoin an Aoine agus lá crostha na bliadhna.
Nuair a bhíodh pósadh acu fadó gach aon duine a geibheadh cuireadh ar an bphósadh caithfeadh sé cúpla sgilling nó trí a dhíol. Annsan mara bfaigheadh cuid acu a ndóithin le n-ithe agus le n-ól bhídís ag bruighean agus ag troid. Aon duine a bheadh mar sin is amhlaidh a mheasadh muinntir an tíghe tobach nó súgh a chur 'na gcuid pórtair agus leagadh san go tapaid é. Bíodh suaimhneas annsan acu.
Capaill iallaití a bhíodh ar na [?] fadó acu. Níor mhaith leis na daoine pósadh a dhéanamh ar na míosa seo mí Bealtaine mí Lúghnasa, mí Deireadh Fóghmhair agus mí na Nodhlag.
Pósadh bliadhna a bhíodh ortha fadó fadó agus dá bhfanidís seachtamhain i dteannta na bliadhna bheidís pósta go deó.
Aon uair amháin do thaithn an fear le na bhean agus nuair a bhí an bliadhain caithte agus é(continues on next page)- Collector
- Síghle Ní Cruadhlaoich
- Gender
- Female
- Address
- Leahill, Co. Cork
- Informant
- Míceál Ua Cruadhlaoich
- Relation
- Parent
- Gender
- Male
- Age
- 46
- Address
- Leahill, Co. Cork