School: Doire an Chairn (roll number 12976)
- Location:
- Derreenacarrin, Co. Cork
- Teacher: Nóra, Bean Uí Shéaghdha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Doire an Chairn
- XML Page 154
- XML “Ainmithe Allta”
- XML “Leigheasanna”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Is é an madaruadh an t-ainmhidhe is glice dá bhfuil timcheall na h-áite seo. Dá gcathadh duine cloc leis i gcaitheamh an lae, tiocfidh sé cuige san oidhche ag goid na gcearc agus na géana, agus tógfadh sé iad ós cómhair do shúil i gcaitheamh an lae. Tá na girrithaigh go flúirseach tímcheall na h-áite seo. Ritheann siad i bhfad níos fearr i gcoinnibh an chnuic ná le fánaigh. Iomarashcálann an girrfhiadh é féin san aithin i dtreó go raghadh na deilgneacha in acrann in a chuid fionnadh agus annsan bheadh sé ana dheacair do dhuine breith air mar raghadh na deilgneacha tríd. Dá mbheadh gearbha i gceann leinbh deirtí go bhfuil leigheas i gcroicheann girrfhiadh dó acht é chuir anuas air.
- Collector
- Máire Ní Chruadhlaoich
- Gender
- Female
- Address
- Leahill, Co. Cork
- Informant
- Mícheál Ua Chruadhlaoich
- Relation
- Parent
- Gender
- Male
- Age
- 46
- Dá mbearfadh éillín an chéad ubh Aoine an Cheasta thugadh na sean daoine 'na bpóca é Domhnach na Casga go dtí an Aifrion. Bheadh leigheas ann do adhbhar acht é chimilt do trí nó naoi maidineacha. Leigheas eile do adhbhar [?] at a bheadh ar thaobh scórnaigh iseadh an taobh a bheadh thíos do lichín glas a chimilt de trí nó naoi n-uaire.(continues on next page)