School: Cill an Dísirt (C.) (roll number 15302)
- Location:
- Killadysert, Co. Clare
- Teacher: Máire Mac Eochaidh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cill an Dísirt (C.)
- XML Page 217
- XML “Cistí Óir i bhFolach - Inis Corcair, Inis Corrfhlais”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Tá an t-oileán sin suidhte i mbéal an t-Sionnain tamall beag ó Chill-an-Dísirt. Tugtar an t-ainm sin air mar tá corcar no corrfhlais ag fás go fluirseach ann.Do chomhnuigh fear darabh ainm Ó Cathasaighe i gCill-an-Dísirt tuairim le 60 bliadhna o shoin. Fonnsóír ba eadh é, ag deanamh fircíní i gcóir ime. Ní riabh aon tighthe uachtar in Eirinn an t-am sin mar atá ann anois. Is amhlaidh deineadh mná na bhfeirmmeóirí an t-im sa bhaile, agus annsan chuiridí isteach sa feircíníbh é i gcóír an mhargaidh.Do dhein Ó Cathasaigh taidhbhreamh trí h-oidhcheanta 'ndiaidh a chéile go raibh ór curtha i bhfolach an Luis Corcair ar an dtaobh thuaidh de'n oileán fé cloich mhóír. D'innis sé an taidhbhreamh do charaid dó agus d'iarr sé air teacht in éinfeacht leis gá lorg. Fear magaidh ba eadh Ó Cathasaigh agus dhiúltuigh an caraar dtúais ach fé dheire do ghéíll sé.Aon oidhche nuair abhí sé ag deanamh ar uair an mheadhon oidhche do rámhaigheadar go dtí an t-oileán agus sluasad agus piocóíd ins an mbád aca i gcóír na h-oibre. Do shroiseadar an taobh thuaidh de'n oileán gan eachtra agus do thosnuigheadar ag rómhar gan mhoill. Do phreabh a gcroidhe nuair do thánaigeadar go Leac Mhór. Do bhuaileadar go tapaidh ar an lic agus thánaig fuaim chuca fé mar bheadh poll follamh fuithí.(continues on next page)
- Informant
- Concubhair Mac Eochaidh
- Gender
- Male
- Age
- 45
- Occupation
- Siopadóir
- Address
- Killadysert, Co. Clare