Scoil: Cill an Dísirt (C.) (uimhir rolla 15302)
- Suíomh:
- Cill an Dísirt, Co. an Chláir
- Múinteoir: Máire Mac Eochaidh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cill an Dísirt (C.)
- XML Leathanach 217
- XML “Cistí Óir i bhFolach - Inis Corcair, Inis Corrfhlais”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tá an t-oileán sin suidhte i mbéal an t-Sionnain tamall beag ó Chill-an-Dísirt. Tugtar an t-ainm sin air mar tá corcar no corrfhlais ag fás go fluirseach ann.Do chomhnuigh fear darabh ainm Ó Cathasaighe i gCill-an-Dísirt tuairim le 60 bliadhna o shoin. Fonnsóír ba eadh é, ag deanamh fircíní i gcóir ime. Ní riabh aon tighthe uachtar in Eirinn an t-am sin mar atá ann anois. Is amhlaidh deineadh mná na bhfeirmmeóirí an t-im sa bhaile, agus annsan chuiridí isteach sa feircíníbh é i gcóír an mhargaidh.Do dhein Ó Cathasaigh taidhbhreamh trí h-oidhcheanta 'ndiaidh a chéile go raibh ór curtha i bhfolach an Luis Corcair ar an dtaobh thuaidh de'n oileán fé cloich mhóír. D'innis sé an taidhbhreamh do charaid dó agus d'iarr sé air teacht in éinfeacht leis gá lorg. Fear magaidh ba eadh Ó Cathasaigh agus dhiúltuigh an caraar dtúais ach fé dheire do ghéíll sé.Aon oidhche nuair abhí sé ag deanamh ar uair an mheadhon oidhche do rámhaigheadar go dtí an t-oileán agus sluasad agus piocóíd ins an mbád aca i gcóír na h-oibre. Do shroiseadar an taobh thuaidh de'n oileán gan eachtra agus do thosnuigheadar ag rómhar gan mhoill. Do phreabh a gcroidhe nuair do thánaigeadar go Leac Mhór. Do bhuaileadar go tapaidh ar an lic agus thánaig fuaim chuca fé mar bheadh poll follamh fuithí.(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Faisnéiseoir
- Concubhair Mac Eochaidh
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 45
- Gairm bheatha
- Siopadóir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Cill an Dísirt, Co. an Chláir