School: Cill an Dísirt (C.) (roll number 15302)
- Location:
- Killadysert, Co. Clare
- Teacher: Máire Mac Eochaidh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Tá an tobar tirim le cuimhne an dhuine is aosta sa pharósite ach mar sin féin deintear a lán leigheas ann. Deirtear gur deineadh marbhú úathbhasach sa chomharsanacht sa t-sean aimsir agus ón lá sin amach na raibh aon uisce sa thobar.Tá fear darbh ainm Tomás O Chongailligh na chomhnaidhe i gCill-an-Dísirt. Buistéir is eadh e. Tá cúpla aige darbh ainm Seán agus Eamon. Nuair abhí Seán cúpla bliadhain bhí sé ag súgradh leis na buachaillíbh eile nuair do sloig (?) sé páirt do bhréagán abhí aige. Bhí sé sáidhte ins an scornáigh agus bhí sé i mbeaghal a thachtuighte. Tháinig an dóchtuir ach do theip air é do airtruighthe (?). Annsan do iarr an mhathair ar an Maighdin Mhuire cabhair a thabhairt dá mac agus fad am ceadna do gheall sí go gcuirfeadh sí deis (?) mhaith ar an dtobar beannuighthe i Leac na Sionnac da mba e toil Dé é go leighisfí a leanbh. Láithreach bonn d'eirigh le h-iarracht an dhochtura an píosa do (?) síos agus an scórnach do fhuascailt. (?)Le congnamh daoine Cill-an-Dísirt do (?) Bean Uí Congalligh an tobar baineadh na (?) Deineadh scáth on droch aimsir os a chíonn agus cuireadh íomhaigh na Maighdine Muire ann. Do thárla na rudaí sin timcheall 12 bliadna o shoin.(continues on next page)
- Informant
- Bean Uí Gharraí
- Gender
- Female
- Age
- 45
- Occupation
- Siopadóir
- Address
- Killadysert, Co. Clare